I ngleannta séimhe na héigse a bhím, I bhfanntais péine i ngéibh' gach laoi, An tseanbhean ghlé ba bhéasach gnaoi, Do scanraigh mé, pé'n Éirinn í, pé'n Éirinn í.
Ní thráchtfaidh mé ar chéile Naoise, A thug ár na nGael ar théacht don Chraobh, Ná an bháb on nGréig a chéas an Traí, Le grá mo chléibh, pé'n Éirinn í, pé'n Éirinn í.
Is brá, deas, dréimreach, réidh a dlaoi, go barr an fhéir ina slaod ar bís; A tláthfholt réidh de dhéalramh an flíos, Ar ghrá mo chléibh, pé'n Éirinn í, pé'n Éirinn í.
Is cásmhar, taodach, déarach a bhím, Go cráite, créimeach, céasta ón mhnaoi, Is fánach, faon gan chéill ar baois, Le grá don bhé, pé'n Éirinn í, pé'n Éirinn í.
Ar nóin nuair a théim ar thaobh Suí Finn Faoi bhrón i gcéin is gan aon de mo bhuíon Cé sheolfadh Aon Mhac Dé i mo líon Ach stór mo chléibh, pé'n Éirinn í, pé'n Éirinn í.