Seo dhibh a cháirde duan Óglaigh,
Cathréimeach bríomhar ceolmhar,
Ár dtinte cnámh go buacach táid,
'S an spéir go mín réaltógach
Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo
'S go tiúnmhar glé roimh thíocht do'n ló
Fé chiúnas chaomh na hoiche ar seol:
'Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann
Sinne laochra fáil,
Atá faoi gheall ag Éirinn,
Buíon dár slua
thar toinn do ráinig chughainn,
Faoi mhóid bheith saor
Seantír ár sinsear feasta,
Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráill.
Anocht a théam sa bhearna baoil,
Le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil,
Le gunna scréach faoi lámhach na bpiléar,
Seo libh canaig Amhrán na bhFiann
Cois bánta réidhe, ar árdaibh sléibhe,
Ba bhuachach ár sinsir romhainn,
Ag lámhach go tréan fé'n sár-bhrat séin
Tá thuas sa ghaoith go seolta
Ba dhúchas riamh d'ár gcine cháidh
Gan iompáil siar ó imirt áir,
'S ag siúl mar iad i gcoinne námhad
Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann
Sinne laochra fáil,
Atá faoi gheall ag Éirinn,
Buíon dár slua
thar toinn do ráinig chughainn,
Faoi mhóid bheith saor
Seantír ár sinsear feasta,
Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráill.
Anocht a théam sa bhearna baoil,
Le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil,
Le gunna scréach faoi lámhach na bpiléar,
Seo libh canaig Amhrán na bhFiann
Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 1